Cill Dara le Gaeilge: Seachtain na Gaeilge 2024

placeholder image

Seachtain na Gaeilge 2024

Thosaigh Seachtain na Gaeilge ar an 01/03/24 agus tá clár iontach cuimsitheach imeachtaí ullmhaithe ag Sult na Sollán i gcomhar le Cill Dara le Gaeilge do cheantar Nás na Ríogh/na Sollán.

Tá imeachtaí ann d’idir óg agus aosta ar gach leibhéal Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.sultnasollan.ie agus ar www.cilldaralegaeilge.ie.placeholder image
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.sultnasollan.ie agus ar www.cilldaralegaeilge.ie.

COMÓRTAS NA BPASANNA

An bhfuil a fhios agat go bhfuil pas speisialta cruthaithe do Seachtain na Gaeilge?

Má úsáideann tú do chúpla focal in aon cheann de na ghnólachtaí atá liostaithe ar www.sultnasollan.ie, tabharfar greamán duit le cur ar do phas. Bailigh 6 ghreamán éagsúla agus d'fhéadfá duais a xbhuachan! Tuilleadh sonraí www.sultnasollan.ie.placeholder image
Má úsáideann tú do chúpla focal in aon cheann de na ghnólachtaí atá liostaithe ar www.sultnasollan.ie, tabharfar greamán duit le cur ar do phas. Bailigh 6 ghreamán éagsúla agus d'fhéadfá duais a xbhuachan! Tuilleadh sonraí www.sultnasollan.ie.

AN FHÉILE SRÁIDE

Buaicphointe Sheachtain na Gaeilge sa cheantar i ndáiríre ná an Fhéile Sráide a bheidh ar siúl ar Lá Fhéile Pádraig. Thosnaigh an Fhéile Sráide in 2018 le stáitse amháin ag Teach na Cúirte agus i mbliana beidh ceithre shuíomh ann ar

phríomhshráid Nás na Ríogh.

Beidh ceol agus rince idir thraidisiúnta agus nua- aimseartha ann le grúpaí áitiúla, drámaíocht, filíocht, seó clainne agus an fuirseoir Tadhg Hickey! Tosóidh an Fhéile ar a 14.00 agus cuirfear deireadh leis le céilí mór sráide ar a 16.00. Tuilleadh sonraí www.sultnasollan.ie. An sprioc atá againn ná an fhéile Gaeilge is mó taobh amuigh den Ghaeltacht a reáchtáil anseo i gCill Dara. Bígí linn!

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice