Search

26 Oct 2025

Beidh Eoghan Mac Giolla Bhríde faoi agallamh ag Tristan Rosenstock

Sa tsraith, labhrann Tristan le seachtar ealaíontóirí ó chúlraí éagsúla – scríbhneoirí, damhsóir, aisteoirí, ceoltóirí agus scannánóirí, faoi chuid de na píosaí ceoil i mó a bhí mar chuid d’fhuaimriain a saoil ag amanta cinniúnacha agus tábhachtacha dóibh

Beidh Eoghan Mac Giolla Bhríde faoi agallamh ag Tristan Rosenstock

Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Tristan Rosenstock

Cuirfidh Tristan Rosenstock an tsraith nua Cuimhní Ceoil i láthair gach Máirt ag 2.05pm don chuid eile de Sceideal an tSamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  

Sa tsraith, labhrann Tristan le seachtar ealaíontóirí ó chúlraí éagsúla – scríbhneoirí, damhsóir, aisteoirí, ceoltóirí agus scannánóirí, faoi chuid de na píosaí ceoil i mó a bhí mar chuid d’fhuaimriain a saoil ag amanta cinniúnacha agus tábhachtacha dóibh.   

Deir Tristan: “Tá cumhacht sa cheol, agus is minic go dtugann píosa ceoil faoi leith siar ar bhóithrín na smaointe muid go dtí am faoi leith, agus daoine faoi leith, inar saol.  Sa tsraith seo, cloisfimid cuimhní agus nascanna ceoil a thabharfaidh ón gcliabhán go dtí leaba an bháis muid, agus faoin sólás, an misneach agus an spreagadh a thugann an ceol do dhaoine.” 

Is iad na haíonna a bheidh faoi agallamh ag Tristan ná an t-amhránaí Aodán Ó Ceallaigh, an ceoltóir agus an cumadóir Cormac Breathnach, an damhsóir Sibéal Davitt, an file Seosamh Ó Murchú, an scríbhneoir Eoghan Mac Giolla Bhríde, agus an t-amhránaí opera Bríd Ní Ghruagáin, agus sa chéad chlár Dé Máirt, Iúil 25, beidh sé i mbun comhrá leis an aisteoir Bairbre Ní Chaoimh.   

Labharfaidh Bairbre leis faoin gceol a chuireann i gcuimhne di an chéad uair a thit sí i ngrá, agus an ceol a bhí le cloisteáil aici agus í ag tabhairt leanbh ar an saol.  Tá Bairbre i bpáirt Chlíodhna sa dráma raidió Carthanach Chlíodhna atá le cloisteáil ar RTÉ RnaG gach Déardaoin faoi láthair ag 8.30 pm. 

Beidh Cuimhní Ceoil le cloisteáil gach Máirt ag 2.05 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag tosú ar 25 Iúil.  Is féidir éisteacht siar leis an gclár ag www.rte.ie/rnag 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.