Beidh turas na dtithe oidhreachta ar siúl inniu agus amárach fá cheantar Ghaoth Dobhair, na Rossa agus i bParóiste Chloich Cheann Fhaola.
Beidh turas go hInis Bó Finne ann inniu idir 2 agus 5 a chlog an áit a bheas scéalta, bealoideas agus craic le cloisint leis an treoraí.
Ar an Aoine, idir a haon déag agus leath i ndiaidh an haon deag beidh turas na dTithe Oidhreachta ann. Tosneoidh an turas ag teach Mhicí Mac Gabhann i bParóiste Chloich Cheann Fhaola. Beidh bus ag dul go teach Mhúiris i bParóiste Ghaoth Dobhair agus ó shin go teach Niall Ó Domhnaill sna Rossa, ina dhiaidh sin.
Beidh Cathal Ó Fearraigh bhur dtabhairt ar thuras stairiúil, le scéalta áitiúla, taispeantas de shean uirlísí agus módhanna oibre, agus i Loch an Iúir beidh Eugene Mac Grianna ag déanamh cur síos ar thionscáil an aol agus an pháirt a bhí ag sin i stair Loch an Iúir.
Beidh oíche airneáil dTigh Micí Mhic Gabhann, oíche hAoine, le haoi-chainteoir ag caint ar shaol Mhicí ón 7 a chlog. Beidh paistí ag léamh as leabhair Rotha Mór an tSaoil agus craic, ceol agus cómhra go leor ar an oíche.
Ar an Satharn, beih lá oscailte ag teach Mhicí Mac Gabhann, le taispeantas ceardaíochta agus margadh tíre le earraí lámh dhéanta as an cheantair agus táirgí áitiúla a dhíol.
Beidh scannán ar shaol Mhicí Mac Gabhann a tháispeaint in Ionad a' Phobail Mhachaire Rabhartaigh ar a leath uair i ndiaidh a sé agus céilí mhór na féile idir a 7.30in agus 9.30in.
Beidh séisiúin ceoil ar an Domhnach ag an céibh le Comhaltas CCF agus Spóirt ar an trá le Marie.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.