A new book, Cloch in Áit an Charnáinm Seán Ó hEochaidh: Bailitheoir Béaloidis, celebrating the life and work of the Donegal folklore collector, Seán Ó hEochaidh, published by Éabhlóid, will be launched at Belfast’s ICC Hotel on Saturday, November 1.
Written by the Belfast-based Irish language scholar Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Cloch in Áit an Charnáin is a long-overdue in-depth analysis of Ireland’s most prolific folklore collector. The book launch is part of the Oireachtas na Samhna programme, an annual Irish language festival, which is to be held this year at various venues throughout Belfast city centre.
“Cloch in Áit an Charnáin. Seán Ó hEochaidh: Bailitheoir Béaloidis” delves into the life and work of folklore collector, Seán Ó hEochaidh. Fearing the rich folklore heritage of the Donegal Gaeltacht would be lost to an encroaching modernity, Ó hEochaidh was tasked by the newly established Folklore Commission of Ireland with gathering and recording the folklore of the area.
“For over 50 years, he travelled the length and breadth of the county.
READ NEXT: Renewed calls for action on sewage treatment plant causing ‘pollution’ in Churchill
He collected songs and stories from the people he met along the way. In this book, the Irish language scholar Dr Pádraig Ó Tiarnaigh shines a light on Ó hEochaidh’s lifework. Using Ó hEochaidh’s own diaries as a starting point, Ó Tiarnaigh focuses his attention behind the scenes.
Readers will discover the challenges Ó hEochaidh faced, the cast of unlikely characters he encountered, the richness of the language still in widespread use at the time, and the cultural context of a way of life fading from view. A must-read for folklorists, language enthusiasts, historians, and anyone who enjoys a good fireside story.
Throughout the festival, the Irish language publisher Éabhlóid will host a series of events promoting some of their latest titles. Other titles include “Sí” a dramatic thriller by Belfast author Seán Ó Muireagáin, Dordéan” a new poetry collection by Róise Ní Bhaoill. “I Muinín na nDúl” a collection of Haiku’s by Donegal poet Máire Dinny Wren, and an extraordinary new dictionary of coastal terms by Cormac ???.
“We always enjoy presenting new work at the Oireachtas na Samhna, but this year we are particularly excited. To be showcasing so many Ulster writers in a city buzzing with such a rich, creative Irish language community is really, really exciting for us”
Cloch in Áit an Charnáin. Seán Ó hEochaidh: Bailitheoir Béaloidis will be launched by Professor Fionntán de Brún at Level 2, ICC Belfast at 2pm. Online here.
*****
Beidh an leabhar úr: Cloch in Áit an Charnáin, a thugann cruinnchuntas ar shaol is ar shaothar an bhailitheoir béaloidis Seán Ó hEochaidh, á sheoladh ag Éabhlóid in ICC Bhéal Feirste, Dé Sathairn, 1 Samhain.
Is é an scoláire agus an gníomhaí, an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, a scríobh an cuntas cuimsitheach seo ar shaol Sheáin Uí Eochaidh, cuntas atá ina léirmheas géarchúiseach ar oidhreacht an bailitheoir béaloidis ba bhisiúla a bhí in Éirinn sa chéad seo caite. Déanfaidh an tOllamh Fionntán de Brún an leabhar a sheoladh mar chuid de chlár Oireachtas na Samhna 2025, féile bhliantúil na Gaeilge a bheas ar siúl i mbliana ag ionaid éagsúla i lár chathair Bhéal Feirste.
Díríonn Cloch in Áit an Charnáin ar shaol is ar shaothar Sheáin Uí Eochaidh, an bailitheoir béaloidis iomráiteach as Tír Chonaill. D’fhostaigh Coimisiún Béaloideasa Éireann Ó hEochaidh ina fhear óg agus fágadh de chúram air béaloideas an chontae a bhailiú agus a thaifeadadh sula gcaillfí é go deo. Ba mhór an chúraim é d’fhear amháin, ach thug Ó hEochaidh faoi le crógacht agus le dúthracht. Thaisteal sé fad is leithead an chontae ar feadh breis is caoga bliain, ag bailiú béaloidis, amhrán is scéalta ó mhuintir na háite – scéalaithe, amhránaithe, agus lucht traidisiúin.
Sa leabhar seo, caitheann an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, solas úr ar shaothar saoil Uí Eochaidh, ag baint úsáid as dialanna pearsanta Uí Eochaidh mar bhunús dá chuid taighde. Gheobhaidh an léitheoir léargas ar na dúshláin a bhí le sárú ag Ó hEochaidh ina ghairm, ar na carachtair iontacha ar bhuail sé leo, ar shaibhreas na teanga a bhailigh sé i gceantracha ar fud an chontae, agus ar an chomhthéacs chultúrtha a bhain le slí mhaireachtála a bhí ag imeacht go gasta le teacht na nua-aoiseachta.
Is léitheoireacht riachtanach é an leabhar seo do scoláirí béaloidis, do lucht staire, do lucht na teanga, agus do dhaoine a bhfuil spéis acu i scéal maith atá curtha trasna go beo beithíoch.
Le linn féile an Oireachtais beidh Éabhlóid ag óstáil sraith imeachtaí leis na teidil is déanaí uathu a chur chun cinn. Ina measc, tá Sí – scéinséir drámatúil le Seán Ó Muireagáin as Béal Feirste; Dordéan – bailiúchán úr filíochta le Róise Ní Bhaoill; I Muinín na nDúl – bailiúchán haiku le Máire Dinny Wren as Tír Chonaill; agus Fá Bhruach an Chladaigh, foclóir speisialta téarmaíochta farraige atá curtha le chéile ag Cormac Mac Giolla Easpaig as Gaoth Dobhair.
“Tá sé chóir a bheith tríocha bliain ó bhí Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste go deireanach – in 1997. Cé go mbíonn lúcháir mhór orainn i gcónaí saothair úra a chur i láthair ag an Oireachtas, tá muid thar a bheith sásta i mbliana go mbeidh deis againn an oiread sin scríbhneoirí Ultacha a chur i láthair i gcathair ina bhfuil pobal chomh beo bríomhar Gaeilge ann – is mór an t-uchtach a thabhrann sé dúinn agus tá muid ag súil go mór leis an turas go Béal Feirste,” a dúirt Eoghan Mac Giolla Bhríde, stiúrthóir an chomhlachta Éabhlóid.
Seolfaidh an tOllamh Fionntán de Brún an leabhar Cloch in Áit an Charnáin ar an Leibhéal 2, ICC Bhéal Feirste, ag 2 i.n. agus tá fáilte roimh chách. Praghas sna siopaí: €24. Beidh an leabhar ar fáil sna siopaí leabhair gan mhoill.
Tuilleadh eolais le fáil ó: https://eabhloid.com/siopa/cloch/
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.