Oiche chultúrtha leis an tiriseoir Michelle NicPháidín i nDoire


"Tá muid thar a bheith sásta go mbeidh Michelle Nic Pháidín linn i Halla na Cathrach ar Oíche Chultúir don imeacht iontach seo a thabharfaidh léargas thar cionn don lucht éisteachta ar cheol agus cheoltóirí Uladh"
Mar chuid de chlár imeachtaí Oíche Chultúir 2023, tá Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ag eagrú ‘Caint agus Ceol,’ caint idirghníomhach agus ceardlann amhránaíochta le Michelle Nic Pháidín bunaithe ar cheol agus ceoltóirí Uladh ar an sean-nós.
Tá Michelle ina cónaí sna Doirí Beaga agus tá clú uirthi mar iriseoir agus scríbhneoir den scoth agus í ag obair leis an Donegal Democrat faoi láthair.
Is iarbhuaiteoir Chorn Mháire Nic Dhonnchadha í ag an Oireachtas agus bíonn sí ag ceol ag Fleadh Cheoil na hÉireann chomh maith.
Dúirt Erin Hamilton, an tOifigeach Gaeilge le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin: “Tá muid thar a bheith sásta go mbeidh Michelle Nic Pháidín linn i Halla na Cathrach ar Oíche Chultúir don imeacht iontach seo a thabharfaidh léargas thar cionn don lucht éisteachta ar cheol agus cheoltóirí Uladh.
"Beidh ráchairt mhór ar an imeacht dátheangach seo, mar sin mholfainn do dhuine ar bith atá ag iarraidh freastal air áit a chur in áirithe go luath”.
Le tacaíocht ón Oireachtas.
Seo imeacht amháin ar chlár lán imeachtaí le ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Chultúir 2023. Clár iomlán na féile ar fáil ag: www.derrystrahttps://www.derrystrabane.com/subsites/culture-night-2023bane.com/culturenight
Cláraigh trí ríomhphost a chur chuig: [email protected]
Tuilleadh Eolais: Oifigeach Gaeilge, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, Líne Ghaeilge: 028 71 376 579, [email protected]