Bí páirteach i gcomórtas an Béal Binn i mbliana


Glacfar le hiarrataisí go dtí an Mháirt 28ú Feabhra
Mar chuid de Éigse Uladh 2023, tá an coiste ag réachtáil comórtas aithriseoireachta An Béal Binn do naíonraí, do bhunscoltacha agus do iarbhunscoltacha ar an tSatharn, Márta 4.
Beidh an comórtas ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Beidh athrú ar an chomórtas i mbliana mar gheall ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Ní bheidh réamhbhabhtaí ann mar a bhíodh le blianta fada. Beidh an comórtas ann i rith an lae do na ranna éagsúla agus bronnfar na duaiseanna ag deireadh gach rannóg.
Brathann am na gcomórtas ar líon na n-iarratas i ngach rannóg, ach beidh sé ar siúl ón 11 ar maidin do naíonraí go rannóg na hArdteiste ag deireadh an lae. Bronnfar na coirn speisialta ag deireadh an lae.
Tá 7 roinn sa chomórtas. Bronnfar boinn don 1ú, 2ú agus 3ú áit in achan rannóg. Bronnfar duaiseanna speisialta ar na dánta nua-chumtha is fearr a dhéanfar a aithris (Corn Bhríd Ní Bhaicéir) agus ar na hiomaitheoirí is fearr taobh amuigh den Ghaeltacht (Corn Shéamuis Uí Chnáimhsí).
Bronnfar Corn Ghráinne Mhic Géidigh den dara huair i mbliana i gcuimhne ar Ghráinne a fuair bás go hóg ar an 11 Nollaig, 2017. Bronnfar Corn Raidió na Gaeltachta ar an iomaitheoir naíonra/ bunscoile/meánscoile is fearr agus an príomhdhuais, Corn Phat Uí Rabhartaigh, ar an iomaitheoir is fearr ar fad, An Béal Binn 2023.
Glacfar le hiarrataisí go dtí an Mháirt, 29/03/22. Cuir iarratais chuig Síle nó Treasa sa Phobalscoil: Síle Mhic Aoidh / Treasa De Búrca Pobalscoil Ghaoth Dobhair Na Doirí Beaga Fón: 074 9531311 Ríomhphost: [email protected]
Glacfar le hiarrataisí go dtí an Mháirt 28ú Feabhra.