Ceardlann a chuideoidh leat ábhar Gaeilge den scoth a chruthú ar-líne

placeholder image

Beidh an saineolaí Linda Keating i mbun an ranga

Foghlaim na dóigheanna is fearr le leas a bhaint as do straitéis Ghaeilge ar-líne le Linda Keating, forbróir gréasáin agus saineolaí inrochtaineacht ghréasáin ag gteic, Gaoth Dobhair ar an Cheadaoin, Meitheamh 22. 

Is í Linda Keating an forbróir gréasáin a chruthaigh an cluiche Gaeilge, Foclach. Le tacaíocht ó Sheachtain na Gaeilge, tá an cheardlann seo saor in aisce agus tá sé dírithe ar dhuine ar bith atá ag cruthú ábhar ar líne as Gaeilge. Más bainisteoir meáin shóisialta thú nó duine a amharcann i ndiaidh suíomh idirlín, nó más duine thú a reáchtálann gnó ar líne trí Ghaeilge, beidh an cheardlann seo úsáideach duit. Tá neart leideanna agus cleasanna ag Linda le roinnt, a chuideochas le daoine ábhar Gaeilge a fhoilsiú ar-líne. Ní gá taithí teicneolaíocha a bheith ag na rannpháirtithe le hiad tairbhe a bhaint as an cheardlann seo. Tabharfar léargas ardleibhéal ar na dúshláin agus ar na deiseanna faoi leith a bhaineann le bheith ag obair tré úsáid na na mionteangacha ar-líne.

D’obair Linda mar fhorbróir gréasáin agus mar dhearthóir ar fheidhmchláir mhóra chasta ilteangacha in Éirinn agus san Iorua. Thug a cuid taithí mar cheannaire eispéireas úsáideoirí, UX Lead agus le hinrochtaineacht ghréasáin, Web Accessibility, léargas di ar bhealaigh agus ar straitéisí éifeachtacha le hábhar a chruthú sna mionteangacha ar-líne. Oibríonn na prionsabail a bhaineann le dearadh ionchuimsitheach go maith d’ábhar digiteach Gaeilge.

Sa lá atá inniu ann, is féidir suíomhanna idirlín a chruthú go furast. Tá neart creatlacha agus

ardáin ar fáil le cuidiú le daoine foilsiú ar-líne. Ach an bhfuil riachtanais speisialta ann do dhearadh

ghréasáin trí Ghaeilge nó do chruthaitheoirí ábhair meáin shóisialta? An bhfuil na hinnill

chuardaigh ábalta láithreán gréasáin Gaeilge a aimsiú? An bhfuil uath-theidealú (auto-caption) ar

fáil d’ábhair Gaeilge ar YouTube, TicTok 7rl? Nó an oibríonn an ghné ‘aithint optúil carachtar’

(OCR) atá ar Facebook agus Instagram ar ábhair Ghaeilge?

Scrúdaigh Linda na ceisteanna seo go mion, ag déanamh comparáid idir na creatlacha agus na

hardáin uilig ó thaobh costais, dúshláin theicniúla agus réimse gnéithe speisialta a bhaineann leis

an Ghaeilge.

Beidh na hábhair a leanas á bplé sa cheardlann:

• Dearadh gréasáin d’ábhar Gaeilge

• Optamú innill cuardaigh (SEO – search engine optimisation) do mhionteangacha

• Leideanna do bhainisteoirí meáin shóisialacha le hábhar a dhéanamh níos so-aimsithe do

níos mó daoine

• Deiseanna gnó do shuíomhanna dhátheangacha agus bealaigh simplí le suíomh

dhátheangach a thógáil

• Breiseáin atá éasca a úsáid agus giuirléidí soláimhsithe eile atá ar fáil le cuidiú le

suíomhanna Gaeilge

Is ceardlann saor in aisce í seo, maoinithe ag Seachtain na Gaeilge agus curtha ar fáil le tacaíocht

ó gteic. Beidh orthu siúd ar mhaith leo freastail ar an cheardlann, áit a chur in áirithe roimh ré nó

níl mórán spásanna ar fáil.

Tuilleadh eolais ó 087 8305835 nó ó Linda ag [email protected]

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice