Clár úr Ceol a’ Ghleanna ar Raidió na Gaeltachta le Ciarán Ó Maonaigh


Beidh clár úr, Ceol a’Ghleanna, leis an bhfidléir iomráiteach Ciarán Ó Maonaigh as Tír Chonaill ag toiseacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Déardaoin, Aibreán 28.
Is ceoltóir agus stiúrthóir teilifíse é Ciarán agus as Gaoth Dobhair ó dhúchas dó. Tógadh é i dteaghlach atá sáite sa cheol, agus bhí tionchar mór aige sin air, go háirithe a athair mór agus a mhúinteoir ceoil Francie Mooney, agus baill Altan Mairéad Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy.
Sa chlár úr seo gach Déardaoin, beidh ceol, damhsa agus amhránaíocht den scoth ag Ciarán Ó Maonaigh dúinn le muid a chur ar ár gcompord ag deireadh an lae.