Cruinniú ag airí maidir le húsáid dróin ag aerphort Bhaile Átha Cliath


Beidh cruinniú ag Airí um tráthnóna ag a dtabharfar eolas dóibh ar iarrachtaí leanúnacha chun aghaidh a thabhairt ar úsáid neamhdhleathach dronnaí i gcomharsanacht Aerfoirt Bhaile Átha Cliath.
Beidh an tAire Iompair Eamon Ryan agus an tAire Stáit sa Roinn Iompair le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta Jack Chambers chomh maith le saneolaí i láthair ag an chruinniú.
Tharlaigh roinnt eachtraí ag aerphort Bhaile Átha le roinnte laethanta anuas a bhí baint acu le dróin.
Dúradh gur cúis imní do na hAirí an tionchar a bheidh ag eitiltí moillithe agus atreoraithe ar an bpobal.
Buailfidh na hAirí le hionadaithe ó Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, ó Údarás Eitlíochta na hÉireann, ón Roinn Dlí agus Cirt agus ón nGarda Síochána. Leanann na húdaráis ábhartha d'imscrúdú a dhéanamh ar na heachtraí.
Tá rialacha AE agus náisiúnta i bhfeidhm maidir le húsáid drón, lena n-áirítear zón eisiaimh 5km timpeall aerfoirt. Is cion é mí-úsáid drónaithe, agus is ábhar tromchúiseach é drónaithe a eitilt in aerspás rialaithe nó laistigh de 5km d’aerfort.