Seachtain na Gaeilge has been launched in Donegal, at an event showcasing a wealth of cultural heritage. Click on the arrows for Siobhan McGowan's photos of the event: Sheol Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Cllr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 go hoifigiúil ag ócáid a bhí ar siúl i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, Déardaoin 26 Feabhra. Ina measc siúd a bhí i láthair, bhí baill de Choiste na Gaeilge, stiúrthóirí ón Chomhairle, oifigigh ó Rannóg na Gaeilge agus ón tSeirbhís Leabharlainne, Oifigigh Pleanála Teanga sa chontae, pobal na scoile agus Bord Bainistíochta na scoile. Céiliúradh lán le ceol, filíocht, damhsa agus scéalaíocht a bhí ann agus tá moladh mór tuillte ag daltaí na Gaelscoile a chuir siamsaíocht ar fáil chomh maith le grúpa airneáil Bhaile Dhún na nGall agus Maura Lougue a rinne léiriú staire. Chuir Príomhoide na Gaelscoile, Eoghan Ó Gráda fáilte roimh an slua a bhí i láthair agus mhaígh sé gur cúis mhór bhróid í gur seoladh an fhéile go hoifigiúil sa scoil. Is bunscoil lánGhaelach í Gaelscoil na gCeithre Máistrí a bunaíodh sa bhliain 1999 chun freastal ar éileamh do bhunoideachas trí mheán na Gaeilge i mBaile Dhún na nGall. Tá an scoil ag dul ó neart go neart ó shin a bhuíochas don ghrúpa tuismitheoirí agus do na Gaeil sin a raibh fís acu ag an am. Ní raibh baile buan ag pobal na scoile go dtí gur tógadh foirgneamh úrnua anuraidh. READ NEXT: Can you shed light on this ship bringing glucose to Donegal’s Oatfield factory? Labhair Seosamh Ó Ceallaigh, Leabharlannaí Feidhmiúcháin leis an tSeirbhís Leabharlainne faoin tábhacht atá le caomhnú na Gaeilege i mBaile Dhún na nGall. “Tá clú bainte amach ag Baile Dhún na nGall mar gheall ar an chaisleán agus tógtar caisleán nuair atá rud luachmhar le cosaint. Cosúil le caisleán, déanann pobal na scoile cosaint ar an teanga agus tuigeann siad goplaceholder image
Seachtain na Gaeilge has been launched in Donegal, at an event showcasing a wealth of cultural heritage. Click on the arrows for Siobhan McGowan's photos of the event: Sheol Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Cllr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 go hoifigiúil ag ócáid a bhí ar siúl i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, Déardaoin 26 Feabhra. Ina measc siúd a bhí i láthair, bhí baill de Choiste na Gaeilge, stiúrthóirí ón Chomhairle, oifigigh ó Rannóg na Gaeilge agus ón tSeirbhís Leabharlainne, Oifigigh Pleanála Teanga sa chontae, pobal na scoile agus Bord Bainistíochta na scoile. Céiliúradh lán le ceol, filíocht, damhsa agus scéalaíocht a bhí ann agus tá moladh mór tuillte ag daltaí na Gaelscoile a chuir siamsaíocht ar fáil chomh maith le grúpa airneáil Bhaile Dhún na nGall agus Maura Lougue a rinne léiriú staire. Chuir Príomhoide na Gaelscoile, Eoghan Ó Gráda fáilte roimh an slua a bhí i láthair agus mhaígh sé gur cúis mhór bhróid í gur seoladh an fhéile go hoifigiúil sa scoil. Is bunscoil lánGhaelach í Gaelscoil na gCeithre Máistrí a bunaíodh sa bhliain 1999 chun freastal ar éileamh do bhunoideachas trí mheán na Gaeilge i mBaile Dhún na nGall. Tá an scoil ag dul ó neart go neart ó shin a bhuíochas don ghrúpa tuismitheoirí agus do na Gaeil sin a raibh fís acu ag an am. Ní raibh baile buan ag pobal na scoile go dtí gur tógadh foirgneamh úrnua anuraidh. READ NEXT: Can you shed light on this ship bringing glucose to Donegal’s Oatfield factory? Labhair Seosamh Ó Ceallaigh, Leabharlannaí Feidhmiúcháin leis an tSeirbhís Leabharlainne faoin tábhacht atá le caomhnú na Gaeilege i mBaile Dhún na nGall. “Tá clú bainte amach ag Baile Dhún na nGall mar gheall ar an chaisleán agus tógtar caisleán nuair atá rud luachmhar le cosaint. Cosúil le caisleán, déanann pobal na scoile cosaint ar an teanga agus tuigeann siad go

In Pictures: A cultural celebratory start to Seachtain na Gaeilge in Donegal

Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl go hIdirnáisiúnta ó 1 - 17 Márta 2026 agus tá clár fairsing imeachtaí Gaeilge curtha le chéile ag Rannóg na Gaeilge agus ag an tSeirbhís Leabharlainne sa Chomhairle Contae le cois grúpaí pobail eile ar fud Chontae Dhún na nGall

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice