Minimal Human Contact le Compántas Amharclainne Aisling Ghéar

Beidh Minimal Human Contact ag teacht go hAmharclann Ghaoth Dobhair
Beidh an dráma Minimal Human Contact le compántas amharclainne Aisling Ghéar ag teacht go hAmharclann Ghaoth Dobhair amach anseo. Tá dhá ainmniúcháin sna Irish Times Theatre Awards faighte ag an dráma. Tá ainmniúchán ag an taisteoir, Seán T Ó Meallaigh, le haighaidh an taisteoir is fearr agus tá ainmniúchán don dearadh fiseán is fearr faighte ag Mags Mulvey.
Sé Naoise Ó Cairealláin, rapálaí duaisiúil leis an mhórghrúpa Kneecap a scríobh an dráma. Tochlaíonn an seó, aon duine, go domhain isteach i saol an chearrbhachais neamhshrianta agus le torthaí cartairseacha a nochtadh.
Glór úr ó Ghaeltacht uirbeach Iarthar Bhéal Feirste atá anseo agus tá sé greanach, dian, agus i nGaeilge. Beidh aistriúchán comhuaineach ar fáil, a mhairfeas dhá scór bomaite. Bígí i nGaoth Dobhair san amharclann ar Márta 7ú ar 8in.