Ócáid a reachtáil don scríbhneoir cumasach Pádraig Ó Baoighill


Beifear ag tabhairt aitheantas don scríbhneoir ar an Chlochán Liath inniu
Beidh ócáid a reachtáil don scríbhneoir cumasach Pádraig Ó Baoighill ar an Chlochán Liath mar aitheantas don obair atá déanta aige thar na blianta.
Rugadh agus tógadh Pádraig Ó Baoighill i Rann na Feirste. D’fhreastail sé ar mheánscoil Naomh Adhamhnáin, i Leitir Ceanainn idir 1948–52. D'fhreastail sé ar an Choláiste Ollscoile, i mBaile Átha Cliath le linn na 50í.
D'obair sé le Gael Linn fhad agus a bhí sé i mBaile Átha Cliath. Thosaigh sé ag scríobh do Comhar, Gaelic Weekly, Gaelic Sport agus an Hogan Stand. Scríobh sé altanna Gaeilge chomh maith don Irish News agus An tUltach.
Nuair a d’éirigh sé as a a phost mar Bhainisteoir Margaíochta do Ghael Linn sna 90í chuaigh sé ag scríobh go lán-aimseartha, agus foilsíodh a chéad leabhar gearrscéalta, An Coileach Troda (Coiscéim).
Ó shin i leith tá an iomairce leabhair scríofa ag an sar-údar.