Oscailt oifigiúil inniu ar dhá ionad úr gteic sa chontae
Rinne an tAire Heather Humphreys dhá ionad nua gteic a oscailt go hoifigiúil inniu
Is í an tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe agus an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather
Humphreys, T.D., a d'oscail dhá ionad úr gteic go hoifigiúil inniu. Thug an tAire cuairt ar dtús ar an gteic úr ar an Charraig Airt, atá á fhorbairt i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall - an séú
gteic sa chontae.
Ina theannta sin, rinne sí an oscailt oifigiúil ar Leibhéal 2 de gteic Ghaoth Dobhair, an dara
cuid den fhorbairt ar mhol digiteach Ghaoth Dobhair, gur dearnadh forbairt air le maoiniú
faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.
Tá an dá ionad gteic mar chuid de Ghréasán Digiteach na Gaeltachta – gréasán de os
cionn 30 mol nuálaíochta agus digiteach le leathanbhanda ardluais atá á bhforbairt ag Údarás
na Gaeltachta in ionaid ar fud na Gaeltachta.
Tá sé i gceist 3 cinn eile a oscailt amach anseo i nGaeltacht Dhún na nGall.