Scéal spóirt Scoile 1950-2020 a sheoladh i gColáiste na Carraige

placeholder image

Deireadh seachtaine speisialta ar na bacáin

Tá na hullmhúcháin do dheireadh seachtaine cheiliúrtha agus athchaidreamh Choláiste na Carraige ar an 6ú agus 7ú Lúnasa faoi lánseol.

Tá daoine ar an Charraig, i nGleann Cholm Cille agus i gCill Chartha ag súil go mór le  seoladh scéal spóirt Scoile 1950-2020 i gColáiste na Carraige ar an Satharn, Lúnasa 6, ag 7.30in.

In san leabhar, Scéal Spóirt Scoile, tá taifead ar scéalta spóirt ó Choláiste na Carraige / Gairmscoil na Carraige, scoil a bhfuil clú agus cáil uirthi mar gheall ar a cuid éachtaí pheil, cispheile agus lúthchleasaíocht ag ardleibhéal chumais thar na blianta.

Déanann an leabhar seo cur síos ar shealanna thuas agus sealanna thíos, faoi bhuanna agus faoi thubaistí, faoi chluichí ceannais Uladh agus faoi rásaí na trí gcos.

Tugann na hailt beocht do chairdeas, obair chrua, turais bhus, seisiúin amhránaíochta agus obair cóitseálaithe tiomnaithe. Tá súil ag na heagarthóirí go mbainfidh daoine taitneamh as an leabhar a léamh.

Chomh maith le seoladh oifigiúil an leabhair ar an Satharn 6ú Lúnasa, beidh an scoil oscailte ag 12in agus ar an Domhnach idir 2in agus 6in ag taispeáint sean-grianghrafanna agus earraí cuimhneacháin. Cuirfear críoch leis an Deireadh Seachtaine Ceiliúrtha Athchaidrimh le hoíche cheiliúrtha sa Blue Haven, a thosnóidh Dé Domhnaigh ag 9in.

Coinnigí súil ar an leathanach Facebook do Scéal Spóirt Scoile, Twitter @ScealSpoirt agus Instagram @scealspoirt le haghaidh nuashonruithe.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice