Scoláireachtaí bronnta ar mhic léinn Phobalscoil Chloich Cheann Fhaola


Scolairí le freastal ar chúrsaí i gColáiste Árainn Mhóir
Reáchtáladh Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola comórtas i gcomhar le Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola chun deis a thabhairt do dhaltaí sa dara bliain freastal ar chúrsa samhraidh i gColáiste Árainn Mhóir.
Roghnaíodh an 10 mbuaiteoir a fhaigheann scoláireacht iomlán le freastal ar chúrsa 21 lá ar an oileán. Bhronn Cathaoirleach Choiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola Bearnaí Ó Gallachóir na scoláireachtaí iomlána ar na daltaí le gairid. Guímid gach beannacht ar na daltaí in Árainn Mhóir agus amach anseo ina saol. Tá súil againn go gcuideoidh an tacaíocht seo leo An Ghaeilge a úsáid go forleathan agus a chur chun cinn.