placeholder image

Slua mór i láthair ag seoladh Ceoltá ó na Gleannta

Bhí slua mór i láthair nuair ag seoldadh ‘Ceolta ó na Gleannta,’ cnuasach d’amhráin ar dhlúthdhiosca agus leabhrán i Halla an Éadain ar an Aoine.  

Tá an saothar seo curtha i gceann a chéile ag an fhile aitheanta agus cumusach Colette Ní Ghallchóir. Stór amhráin as lárchríocha Thír Chonaill' atá ann agus tá plúr na gceoltoirí ag ceol na hamhráin ar an dhlúthdhiosca. 

I measc na hamhráin ar an dhlúthdhiosca tá Gleann Fhinne mo Ghleann a cheol ag Bríd Bn Mhic Fhloinn, Mo Mhallacht ar an Smugacháin, Johny 'Ac Luain, Máire Ní Chomhaill, Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, Sráid an Chlochán Léith, le Máire Ní Choilm, Gaoth Bearra na gCoillte le Noeleen Ní Cholla agus Ar Bhruach Loch Finne, Doimnic Mac Giolla Bhríde agus The Glenties Glen le Brídín Uí Ghallchóir. 

"Tiomnaím an leabhar seo do mhuintir Chluinn, uathasan a d'fhoghlaim mé cuid mhór don eolas atá sa leabhar seo," a dúirt Colette Ní Ghallchóir. 

Tá tacaíocht a chur ar fáil don tionscadal seo ag Coiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir agus tá fáilte mhór roimh an phobal chuig an ócáid seo.

Ghabhadh an file buíochas ó chroí le achan duine a chuidigh léi an leabhrán agus an dlúthdhiosca a chur i dtoll a chéile ina measc súid Mícheál Ó Domhnaill a chuir an leabhar in eagar, Mícheál Ó Dochartaigh a rinne na hamhráin a thaifeadadh, Máire Uí Chomhaill, Ionad Noamh Pádraig, Caomhán Ó Scolaí, a rinne an dlúthdhiosca a dhearadh, Aodán Ó Gallchóir, Mícheál Ó Fearraigh agus Danielle Nic Pháidín ó Ealaín na Gaeltachta, Aodh Mac Ruairí Pleanáil Teanga na Gaeltachta Lair, na cumadóirí agus na hamhránaithe ar fad agus do Raidió na Gaeltachta. Tugadh buíochas ar leith do Annie agus Mary Ní Chuinn. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice