Sráith úr ina bhfuil béim ar leith ar Bogadh Amach


Tá méadú mór ar an meid daoine atá ag fágáil an chathair, agus na tranglaim tráchta le saol ciúin suaimhneach a chaitheamh i gceantar tuaithe
Tá foireann scannánaíochta ag iarraidh labhairt leatsa má tá sé ar intinn agat bogadh amach. Tá méadú mór ar an meid daoine atá ag fágáil an chathair, agus na tranglaim tráchta le saol ciúin suaimhneach a chaitheamh i gceantar tuaithe.
Tá go leor acu meallta ag ceantair cois cósta, na sléibhte agus radhairc dheasa agus iad ar thóir saoil úir. Réabhlóid
shóisialta atá san ‘obair ón bhaile’ d’oibrithe agus d’fhostóirí agus, dá réir sin, tá go leor daoine in ann a gcuid aislingí a fhíorú.
Is é Strident Media a bheidh ag léiriú sraith a dó den chlár teilifíse, Bog Amach! Más maith leat comhairle a fháil ó shaineolaithe agus níos mó a fhoghlaim i dtaca le ceantar nó réadmhaoin áirithe, déan teagmháil leo. Má tá spéis agat a bheith ar an chlár seo, is féidir leat dul i dteagmháil linn ar ríomhphost ag: [email protected], nó is féidir iarratas a líonadh lena thuilleadh eolais a fháil faoin deis anseo.