An chéad eagrán de Thráth na gCeist Spóirt Chill Dara le Gaeilge

placeholder image

Bhí an chéad eagrán de Thráth na gCeist Spóirt Chill Dara le Gaeilge ar siúl oíche Dé Luain an 28 Samhain in Óstán an Town House i mBaile Nás na Ríogh. Ba chomórtas do chlubanna spóirt i gceantar na Sollán/Nás na Ríogh (líonra Gaeilge Chill Dara) é an comórtas seo.

Ba iad CLG na Sollán a thug an sciath leo ar an oíche agus a bhuaigh an chéad duais de €300 don chlub agus €50 euro an duine do na baill foirne – comhghairdeachas mór leo!

An club sacair Sallins Celtic a tháinig sa dara háit agus a thug duais €200 abhaile leo don chlub agus €30 an nduine do na baill foirne. Ní hamháin sin ach ba iad baill d’fhoireann an chlub sacair a bhuaigh an dá spotdhuais leis – dhá dhearbhán do shiopa spóirt Colgan i Nás na Ríogh. CLG Nás na Ríogh a tháinig sa tríú háit ach ní dheachaigh siadsan abhaile le pócaí folmha ach an oiread – thug siad €100 abhaile don chlub agus €20 ag gach duine acu. Déanaimid comhghairdeas ó chroí leis na

buaiteoirí ar fad.

Tá Cill Dara le Gaeilge ag obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcontae Chill Dara. Mar chuid den obair sin, táimid dírithe ar stádas “líonra Gaeilge” a bhaint amach do cheantar Nás na Ríogh/na Sollán. (Is éard is líonra Gaeilge ann ná ceantar a bhfuil mais chriticiúil bainte amach aige maidir le tacaíocht phobail agus stáit don teanga: https://gaelphobal.ie/eolas/lionrai-

gaeilge/?lang=ga).

Eagraíodh an Tráth na gCeist Spóirt seo le tacaíocht ó Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge Fhoras na Gaeilge agus mar chuid de shraith imeachtaí agus gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl ag Cill Dara le Gaeilge sa cheantar seo le deiseanna a thabhairt do dhaoine le Gaeilge teacht le chéile.

Tá súil againn an comórtas seo a reáchtáil do chlubanna spóirt an cheantair chuile bhliain agus tá súil againn go mbeidh tuilleadh clubanna inár dteannta an bhliain seo chugainn, agus CLG na Sollán ar ais lena dteideal a chosaint!

Ár mbuíochas le siopa Colgan as na spotduaiseanna a chur ar fáil agus le hóstán an Townhouse as an seomra a chur ar fáil.

As Bearla 

First edition of Cill Dara le Gaeilge’s Irish-language Sports Quiz

Monday evening the 28th November saw the first edition of Cill Dara le Gaeilge’s Irish-language Sports Quiz taking place in the Townhouse Hotel in Naas. The competition was open to sports clubs in the Naas/Sallins area (Kildare’s Irish-language network).

Sallins GAA were victorious on the evening and took home the first prize of €300 for the club and €50 each for each team member – congrats/comhghairdeachas! Sallins Celtic soccer club came in second place winning a prize of €200 for the club and €30 each for team members.

Sallins Celtic team members were also the winners of the two spot prizes on the night, very kindly sponsored by Colgan Sports Naas. Coming in third was Naas GAA, but they didn’t go home empty handed – they won €100 for their club and €20 for each team member. A big congratulations to all teams on their victory!

Cill Dara le Gaeilge’s aim is to promote the Irish language in county Kildare. As part of that mission, we are aiming for the status of “líonra Gaeilge” or Irish language network, for the Naas/Sallins area. (An Irish language network is an area that has achieved a critical mass of support in terms of community and state support for the Irish language:

https://gaelphobal.ie/eolas/lionrai-gaeilge).

This Quiz was organised with the support of Foras na Gaeilge’s Irish Language Networks Development Scheme as part of the series of events and activities that Cill Dara le Gaeilge organise in the area do provide the Irish-speaking population with opportunities to come together.

We hope to organise this competition for local sports clubs on an annual basis and we are looking forward to having even more clubs participate next year, and to see Sallins GAA back to defend their title!

Our thanks to Colgan Sports Naas for the spot prizes and to the Townhouse Hotel for hosting

us.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice