AN FORAS PÁTRÚNACHTA: PÁTRÚN LÁN-GHAEILGE DO SCOILEANNA LÁN-GHAEILGE

Foireann AFP Sorcha Ní Mhistéil, Tomás Ó Póil, Jill Mc Mahon, Cormac McCashin, Caoimhín Ó hEaghraplaceholder image
Foireann AFP Sorcha Ní Mhistéil, Tomás Ó Póil, Jill Mc Mahon, Cormac McCashin, Caoimhín Ó hEaghra

Is pátrún náisiúnta é An Foras Pátrúnachta do scoileanna ag an mbunleibhéal agus ag an

meánleibhéal.

Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha pátrúnachta lán-Ghaeilge ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge. Tá sé mar aidhm againn oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír mar chuid dár ról mar phátrún scoile agus mar eagraíocht bhainistíochta.

ÁR SCOILEANNA

Tá 74 bhunscoil agus 6 mheánscoil faoinár bpátrúnacht. Tá 6 scoil faoinár bpátrúnachta i gCill Dara - 5 bhunscoil agus 1 iar-bhunscoil: Gaelscoil Átha Í, Gaelscoil Chill Dara, Gaelscoil Mhic Aodha, Gaelscoil Nás na Ríogh, Gaelscoil Ruairí agus Gael-Choláiste Chill Dara.

Tá breis is 1,400 ball foirne ag freastal ar an 17,000 dalta atá cláraithe inár scoileanna.

Táimid an-bhródúil as an bhfreastal ionchuimsitheach inár scoileanna. Cuirtear an

comhionannas chun cinn chun oideachas iomlánaíoch, lán-Ghaeilge a chur ar fáil do gach páiste. Chun freastal cuimsitheach a dhéanamh ar thuismitheoirí a bhfuil oideachas lán-Ghaeilge uathu dá bpáistí, bíonn rogha éiteas ar fáil inár scoileanna: Caitliceach, Ilchreidmheach agus Idirchreidmheach.

SEIRBHÍSÍ

Cuirimid comhairle, oiliúint, treoir agus eolas ginearálta ar fáil trí mheán na Gaeilge, sna réimsí seo a leanas: Earcaíocht: rochtain ar phainéil náisiúnta lán-Ghaeilge; ríomhfhiosrúchán na nGardaí; bunachar áiseanna earcaíochta agus conarthaí. Comhairle Bainistíochta: cosaint sonraí; airgeadas; cleachtais earcaíochta; cúrsaí dlí; sláinte agus sábháilteacht. Oiliúint Trí Mheán na Gaeilge: bord bainistíochta; príomhoidí; foireann scoile. Tacaíocht Chóiríochta: Bainisteoir cóiríochta; léasanna agus árachas; idirghabháil leis an Roinn; plé le tógálaithe; treoir phraiticiúil. Polasaithe Samplacha: cosaint leanaí; sláinte agus sábháilteacht; cód iompair; frithbhulaíocht; iontráil; cleachtais agus nósanna Imeachta. Poiblíocht: bainisteoir cumarsáide; plean cumarsáide do scoileanna; cúnamh le feachtais scoile; comhairle fógraíochta; treoir do bhrandáil scoile; cleachtais do na meáin shóisialta.

ÉITEAS SCOILE

Bíonn an Ghaeilge agus an tumoideachas i gcroílár ár scoileanna agus tacaímid lenár bpobail scoileanna éiteas lán-Ghaeilge a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Tá clár don oideachas ilchreidmheach “Croí na Scoile” forbartha againn le réimse acmhainní lán-Ghaeilge dár scoileanna.

ÁR bPOBAL SCOILE

Aiseolas ónár bpobal scoile: “Ar gach bealach, tá na tacaíochtaí atá ar fáil dúinn mar Ghaelscoil go hiontach,” Bairbre Ní Ghoill, Príomhoide, Scoil Chaitlín Maude. “Bainistíocht i gcónaí, rud a chuireann go mór le feidhmiúlacht an Bhoird,” Ciara Mc Manus, ball boird, Gaelscoil Cholmcille. “Ní fhéadfaimis AFP a mholadh ard go leor. Bíonn siad i gcónaí ann dúinn má bhíonn dúshlán ann,” Póla Ní Chinnsealaigh, Príomhoide, Gaelscoil Ruairí Má tá suim ag do scoil inár bpátrúnachta agus na seirbhísí is acmhainní atá againn, dean teagmháil linn: An Foras Pátrúnachta, Bloc K3, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Co. Chill Dara W23 XN75; www.foras.ie; 01–6294110 nó

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice