Cill Dara le Gaeilge: Seachtain na Gaeilge 2024


Seachtain na Gaeilge 2024
Thosaigh Seachtain na Gaeilge ar an 01/03/24 agus tá clár iontach cuimsitheach imeachtaí ullmhaithe ag Sult na Sollán i gcomhar le Cill Dara le Gaeilge do cheantar Nás na Ríogh/na Sollán.
Tá imeachtaí ann d’idir óg agus aosta ar gach leibhéal Gaeilge.


COMÓRTAS NA BPASANNA
An bhfuil a fhios agat go bhfuil pas speisialta cruthaithe do Seachtain na Gaeilge?


AN FHÉILE SRÁIDE
Buaicphointe Sheachtain na Gaeilge sa cheantar i ndáiríre ná an Fhéile Sráide a bheidh ar siúl ar Lá Fhéile Pádraig. Thosnaigh an Fhéile Sráide in 2018 le stáitse amháin ag Teach na Cúirte agus i mbliana beidh ceithre shuíomh ann ar
phríomhshráid Nás na Ríogh.
Beidh ceol agus rince idir thraidisiúnta agus nua- aimseartha ann le grúpaí áitiúla, drámaíocht, filíocht, seó clainne agus an fuirseoir Tadhg Hickey! Tosóidh an Fhéile ar a 14.00 agus cuirfear deireadh leis le céilí mór sráide ar a 16.00. Tuilleadh sonraí www.sultnasollan.ie. An sprioc atá againn ná an fhéile Gaeilge is mó taobh amuigh den Ghaeltacht a reáchtáil anseo i gCill Dara. Bígí linn!