Ar an Déardaoin, 26 Márta, tháinig 26 fhoireann le chéile le dul in iomaíocht, agus is géariomaíocht a bhí ann san Ionad F2, Rialtó.
Ag tús an chéad bhabhta, is Coláiste Íosagáin agus Scoil Chlasaiceach Naomh Phádraig a bhí ag barr an bhoird, ach is mór na hathruithe a bhí ann idir sin agus an bhabhta deireanach.
Faoi dheireadh, bhí ceisteana réitigh de dhíth idir dhá fhoireann don chéad agus dara áit; agus idir sé fhoireann eile don tríú áit. Is iad Gaelcholáiste Phort Láirge, Coláiste Oiriall, Coláiste Eoin, Coláiste Mhuire, Coláiste Íosagáin, Coláiste na Carraige, Coláiste Naomh Mel, agus Coláiste Ghearóid Naofa ar éirigh leo babhta na gceisteanna réitigh a bhaint amach.
Gach Meán Fómhair, cuireann an Comhordaitheoir Thráth na gCeist, Pádraigín Nic Ghearailt, tús leis na réamhbhabhtaithe. I mbliana d’éirigh le 108 duine óg bord a bhaint amach sa Chraobhchomórtas. Cliceáil ar na saigheada le dul tríd an ngailearaí-1775655272914.jpg)
Gabhann Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge buíochas ó chroí le hAon Scéal Café, Tamhlacht as ucht lóin bhlasta a chur ar fáil do na daoine óga. Le roghanna iontacha ionrochtaithe, ní léir go raibh ocras ar aon duine sa halla faoin am a chuir láithreoir an lae, Róisín Nic Ghearailt tús le ceisteanna dúshlánacha an chomórtais.
Ag deireadh an lae, bhronn Oifigeach Oideachais COGG, Oisín Uíbh Eachach, na duaiseanna ar na foirne buaite.
Sa tríú áit, is é Bord 1, Foireann Choláiste Phort Láirge a bhain amach an tríú duaischiste de €240. Le pointe breise amháin orthu, d’éirigh le Bord 9, Foireann Choláiste Íosagáin an dara duaischiste de €400 a bhaint amach. Sa deireadh, is Bord 13, Foireann Choláiste na Carraige a thug an lá leo agus leis sin, an chéad duaischiste de €1,240.
Tá ardmholadh ag dul do gach duine óg a ghlac páirt sa chomórtas i mbliana, agus comhghairdeas leis na foirne buaite!
“Gach bliain, cuireann an ghéariomaíocht ionadh orm agus is dochreidte é talann na ndaoine óga,” arsa Loretta Ní Churraighín, bainisteoir Feachtas, théis an Chraobhchomórtais.
“Cuireann sé gliondar croí orm gach bhliain le líon na daoine óga atá toilteanach tabhairt faoi chomórtas trí Ghaeilge,” arsa Oisín Ó Dubhshláine, oifigeach obair óige Feachtas. “Tá siad le moladh!”
“Tá éacht déanta ag na daltaí ar fad inniu,” arsa Pádraigín Nic Ghearailt, “agus déanaim comhghairdeas ó chroí leis na foirne buaite! Ba mhaith liom buíochas a ghabhadh leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht, chomh maith leis An Roinn Oideachais agus Óige, a chur maoiniú ar fáil don Chraobhchomórtas.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.