Léacht cuimhneacháin tógtha i ndílchuimhne bean a bhí tiomanta agus cróga

Dúradh gur tábachtach an ról lárnach a bhí ag Eithne Coyle i stair na hÉireann

Nochtadh léacht cuimhneacháin i ndílchuimhne Eithne Coyle i gCloich Cheannaola níos luaithe inniu, Dé Domhnaigh, Meitheamh 12. 

Dúirt Anne Campbell go raibh sí buíoch an deis a bheith aici labhairt faoi Eithne Coyle. Dúirt sí go raibh sé thar am aitheantas a thabhairt d'Eithne agus gur dheas an deis a bheith aici labhairt faoin ról lárnach a bhí ag mná i stair na hÉireann - ról a dúirt sí a fhaigeann beagán aitheantais formhór an ama. 

Sé James agus Martin Woods a thóg an léacht. Gabhadh buíochas le Danny Curran agus John McGinley ar son cead a thabhairt an léacht a thógáil ar a dtalamh taobh an droichid atá suite ar imeall bhaile an Fháil Charraigh. 

Cheol Owen Curran amhrán a chum sé fhéin fá Eithne Remember Eithne Coyle. 

Dúirt an Teacht Dála Pearse Doherty gur bean a bhí in Eithne a bhí tiomanta agus cróga a bhí in Eithne. Labhair sé faoin ról lárnach a bhí aici ag troid ar son saoirse na Éireann - d'fhulaing sise ionnas go mbeadh saoirse againn, ar sé.

Dúirt sé nár chóir í ligeann i ndearmad. Labhair Danny O'Donnell, duine muintire, le Eithne fuithí. Dúirt seisan gur bean lách, cineálta a bhí intí. 

Cheol Clíona Ní Ghallchóir amhrán na bhFiann ag deireadh na hócáide.  

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice