Scéal theach Hiúdaí agus scéal saoil bhean an tí, Chití Uí Ghallchóir

Beifear a craoladh clár ar Raidío na Gaeltachta ar an seachtú lá de mhí Mheithimh
Is fada iomrá ar theach tábhairne Hiúdaí Bhig i nGaoth Dobhair. I gclár a bhéas a chraoladh ar an
seachtú lá de mhí an Mheithimh craolfar agallamh léi ar Raidío na Gaeltachta. Cloisfidh muid scéal Theach Hiúdaí agus scéal saoil bhean an tí, Chití Uí Ghallchóir, a cuireadh i gcré na cille i mí an Mhárta i mbliana i rith an chláir seo.
Rugadh Cití Uí Ghallchóir ar an Tor i bParóiste Ghaoth Dobhair, agus i 1961 cheannaigh sí féin agus a fear céile Hiúdaí Beag an teach tábhairne clúiteach ar an Bhun Beag. Sa chlár seo labhrann sí féin agus a mac Hughie, atá i mbun an tábhairne anois, le Séamus Mac Géidigh faoi chuid de na scéalta is na heachtraí a tharla Tigh Hiúdaí le blianta anus.