Turas Gaeltachta Glór an Churraigh ar Ghaoth Dobhair

Teach Sheáin Óig - an Bun Beagplaceholder image
Teach Sheáin Óig - an Bun Beag

Colún Gaeilge le Cill Dara le Gaeilge

TÚS LEIS AN AISTEAR

Bhuaileamar bóthar ag a naoi a chlog maidin Sathairn i mí na Bealtaine agus thugamar ár n-aghaidh ar an mBun Beag i dTír Chonaill. Bhí Jim ag tiomáint fhad is a bhí Stephanie agus mé féin ag tabhairt na dtreoracha.

Bhí Evelyn ansin romhainn mar tá teach a muintire ag bun na hEaragaile. Is áit dhraíochtúil í seo neadaithe go seascair idir an

Earagail mhaorga ar thaobh amháin agus Dún Lúiche ar an taobh eile.

Bhaineamar ceann scríbe amach san iarnóin. Is ansin a chualamar go raibh ár gcomrádaithe John agus Séamus sáinnithe i Meathas Troim, mar go raibh fadhb acu lena gcarr. Logainm seo a chiallaíonn an talamh saibhir ar a bhfásann an crann troim. Deirtear gur crann draíochta atá sa chrann seo agus go ndéanann sé daoine a chosaint ó olc lena bheannachtaí. Nach tráthúil gur anseo a theip ar an gcarr!

BÁD EDDIE

Ar dtús bheartaíomar siúl ar an trá. Tá creatlach Bád Eddie suite i lár thrá Mhachaire Chlochair ó 1977 nuair a tugadh i dtír í. Tá clú agus cáil ar an mbád seo ar fud an domhain anois agus tá sí le feiceáil i bhfíseán de chuid Clannad agus Bono dar teideal “In a Lifetime” go fiú. Chasamar le hEvelyn ansin agus bhíomar ag cur is ag cúiteamh faoi stair na háite san áit aoibhinn sin.

Bhíomar lag leis an ocras agus bhí fáilte roimh dhinnéar breá i dTeach Sheáin Óig áit ar bhuaileamar lenár gcairde a bhí tar éis éalú faoi dheireadh as an Longfort! Ansin shiúlamar go Teach Hiudaí Beag áit a raibh comhluadar groíúil mar go rabhamar stiúgtha leis an tart.

OILEÁN GABHLA

Tar éis bricfeasta breá an mhaidin dar gcionn thugamar cuairt ar Oileán

Ghabhla. Sa bhliain 1846 bhí 70 dalta sa bhunscoil ach ar an drochuair dhún an scoil in 1967 toisc gur thit an tinreamh go dtí seachtar daltaí. Tá athbhorradh tagtha le déanaí ar Ghabhla. Tá seirbhís rialta báid ón

mórthír. Thug Éamon Mac Aodha fear a rugadh ar an oileán an-chuid eolais dúinn faoi stair an oileáin.

Ba é sméar mhullaigh an deiridh seachtaine an oíche cheoil a cuireadh ar siúl chun airgead a bhailiú do Gaza i dTeach Hiudaí Beag. Bhí suas le scór ceoltóirí ag seinm ceol traidisiúnta, Jim s’againn féin ina measc!

Bhí deireadh seachtaine den scoth ag Glór an Churraigh i nGaoth

Dobhair. Tá an t-uafás le déanamh san áit aoibhinn seo agus bhí cúpla lá eile ag teastáil! Bhuaileamar le daoine galánta agus bhaineamar taitneamh agus tairbhe as.

- AINGEAL SEOIGHE, GLÓR AN CHURRAIGH

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice