Acmhainn léitheoireachta úr Ceiliúradh Teanga í a Léamh ar fáil do scoileanna i nDún na nGall
"Is iontach an cuidiú iad leabharthaí chun teanga a fhoghlaim mar tá saibhreas sna focail agus frásaí"
Seoladh acmhainn léitheoireachta úr Ceiliúradh Teanga í a Léamh ó Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall agus ó Leabhair Pháistí Éireann ag Halla Éadan Fhionn Fhraoich, Dé Céadaoin.
Tá sé d’aidhm ag an acmhainn tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine fásta, idir thuismitheoirí agus chaomhnóirí, mhúinteoirí agus eile, ionas gurbh fhéidir leosan leabhair Ghaeilge a roinnt leis na páistí agus daoine óga ina saol.
Tá an acmhainn seo, leis na gníomhaíochtaí ar fad, saor le híoslódáil ag www.childrensbooksireland.ie
Tá cóip clóite ar fáil anois d’achan scoil sa chontae.
Tarraingíonn sé aird ar chúig leabhar déag den scoth do léitheoirí 0–18, agus le ceisteanna, dúshláin agus gníomhaíochtaí meallann sé na léitheoirí sin isteach sa scéal. Tá tríocha cóip d’achan leabhar sa phacáiste seo ar fáil ar iasacht do scoileanna i nDún na nGall le hordú óna leabharlann áitiúil.
Ag caint ag an seoladh, dúirt Leas-chathaoirleach Cheantar Bardasach na nGleanntaí an Comhairleoir Michael McClafferty: “Tá ardmholadh tuillte ag seirbhís leabharlainne Dhún na nGall agus Leabhar Pháistí Éireann as an tsárobair atá ar bun acu léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn anseo i nDún na nGall agus ar fud na tíre.
"Is iontach an cuidiú iad leabharthaí chun teanga a fhoghlaim mar tá saibhreas sna focail agus frásaí a bhíonn tú ag léamh. Bíonn tú ag foghlaim i ngan fhios duit féin.”
Dúirt Comhairleoir Michael Cholm Mac Giolla Easbuig go bhfuil sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt do phobail agus scoileanna Gaeltachta cosúil le hÉadan Fhionn Fhraoich.
Tá tuilleadh eolais ar fáil do thuismitheoirí agus mhúinteoirí óna leabharlann áitiúil.